Is é seannosbeo.ie suíomh an togra amhránaíochta Dúthaigh Gheal
Déise. Gheobhaidh tú eolas ann maidir le mórchuid amhrán a bhaineann
leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise.
Aireofar agus chífear ann roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i
gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán
nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de
na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin.